Copyright 2019 - Comhaltas Ceoltóirí Éireann Craobh Loch gCarman

Féile nua i Loch Garman

Wexford Trad Folk adv

Tá ríméad ar Chraobh Loch Garman, Comhaltas Ceoltóirí Éireann chur in eol daoibh sonraí den chead Fhéile Cheoil Traidisiúnta ‘s Béaloideas Loch Garman. Beidh sé ar siúil 1-3ú Marta, 2019 in áiteannta éagsula i mBaile Mór Loch Garman féin. Is maith a bheith ag súil le neart imeachtaí éagsula, ceoilchoirmeacha, seisiúin, léachtaí, ceardlanna agus taispéantais rince ina measc.  Beidh an féile ina cás taispeántais do chuid de na ceoltóirí, rinceoirí iontach a bhfuil ar fáil i Loch Garman agus a bheith i mbun ceolchoirmeacha ó cuid do na daoine is fearr i gceol na hÉireann.

Beidh dhá cheolchoirmeacha thar bharr ar siúil in san Áras Ceoldrámaíochta Náisiúnta: ar an Aoine Liam ÓMaonlai, Kevin Doherty, Ciarán Tourish, James Delaney agus ar an Satharn Zoë Conway, Seamie O’Dowd agus aoi ar leith Máirtín O’Connor. Beidh Ronán Ó Snodaigh as Kíla ag tabhairt ceolchoirm aonair dlúth tráthnóna Sathairn; beidh píobaire uilleann, fliúiteadóir agus ball d’acadamh Louise Mulcahy ag insint sean-scéal na píobairí ban tríd focail agus ceol; iarnóin Dé Domhnaigh beidh beirt as Guaire, Mark Redmond (píobairi uilleann) agus Patrick Fitzpatrick (clairnéid, fliúit tradisiúnta agus feadóga) ag déanamh iarracht a seó iomlán díolta i rith TradFest le déanaí a ath-imirt; beidh seisiúin déanach san oiche ar siúil insan tábhairne An Spéir & An Talamh (Dé hAoine); agus ar an Sathairn san áit céanna beidh drong ceoltóirí Carmanaigh den scoth faoi stiúir Mick D’Arcy (Corner Boy); beidh Amhráinaithe Traidisiúnta Loch Garman i dTabhairne Mháire (Aoine); agus le linn na deireadh seachtaine beidh ceoltóirí óga, agus bua an cheoil acu ó gach aird sa chontae, ann freisin. 

Tá na ceardlanna le Zoë Conway agus Máirtín O’Connor atá ar siúil maidin Dé Domhnaigh ag mealladh líon mhaith de ceoltóirí óga a bhfuil spéis iontu ina léithéad, cláraithe cheana féin. 

Is é an féile seo ach ceann amháin de na tionscneamh curtha ar fáil ag Craobh Loch Garman agus muidne ag leanúint leis ár n’iarracht Fleadh Cheoil na hÉireann a léiriú i Loch Garman sa todhchaí. Tá an craobh ag dul ó neart go neart agus is í an cheann is mó sa chontae anois. Tá clár gnóthach d’imeachtaí ar siúil go rialta i rith an bhliain.

Gan amhras, níl amháin i Loch Garman féin atá comharthaí le féiceáil go bhfuil plean ar bún maidir le cúrsaí traidisiúnta mar, ó Chuan Bhanú ar thaobh amháin go dtí Guaire ar an taobh eile den chontae, tá níos mó daoine óga riamh ag freastal ar ranganna ceoil agus rince agus atá rannpháirtíocht i seisiúin agus comórtais. Tugann an Féile Cheoil Traidisiúnta ‘s Béaloideas Loch Garman deis iontach an athbheochan seo a cheiliúradh agus níl a shárú ann chun Seachtain na Gaeilge a phreabhadh chun tosnú i Loch Garman.

Bernie Ní Bhriain

f t g m

Comhaltas

Comhaltas Logo

Comhaltas Ceoltóirí Éireann is the largest group involved in the preservation and promotion of Irish traditional music. We’re a non-profit cultural movement with hundreds of local branches around the world, and as you can read in our history we’ve been working for the cause of Irish music since the middle of the last century (1951 to be precise). Our efforts continue with increasing zeal as the movement launches itself into the 21st century.

An Tobar: Ionad Gaeilge agus Cultúir

medium

Is Ionad Gaeilge agus Cultúir é An Tobar atá suite i mBaile Loch Garman. Tá idir eagraíochtaí ceoil, Gaeilge, damhsa agus amhránaíochta lonnaithe ag An Tobar.

www.lochgarman.ie